Don Oíche úd I mBeithil Lyric
Don oíche úd i mBeithil, beidh tagairt ar ghréin go brách,
Don oíche úd i mBeithil go dtáinig an Bhréithir slán;
Tá gríosghrua ar spéarthaibh 's an talamh 'na chlúdach bán;
Féach íosagán sa chléibhín, 's an Mhaighdean 'á dhiúl le grá
Ar leacain lom an tsléibhe go nglacann na haoirí scóth
Nuair in oscailt ghil na spéire tá teachtaire Dé ar fáil;
Céad glóire anois don Athair i bhFlaitheasaibh thuas go hard!
Is feasta fós ar talamh d'fhearaibh dea-mhéin' siocháin!
NOTE: All lyrics are property and copyright of their owners. All lyrics provided for educational purposes only.